Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 304
- XML “An Chuinneog”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An chuinneog.Tá cuinneog in gach aon teach ins an cheanntar seo. Duine ar bith a bhfuil ba bainne aige, caithfidh sé cuinneog a fhaghail leis an bhainne a bhualadh. Tá an chuinneog déanta cruinn, agus tá sí tuairim trí troighthe ar áirde. Tá mórán cuinneogaí agus tá siad déanta de stáin, agus nuair a bhíonn an maistreadh buailte tá áit bheag agus thig leat an bhláthach a fhaghail amach, agus fághtar an t-im. Tá an clár déanta cruinn fosta, agus tá poll beag ag gabhail fríd a lár ionnus go dtig leis an lonthaidhe a ghabhail isteach ann. Ní cineal amháinn de chuinneoig atá ann. Tá cuid aca mar baraille ann, agus tá rud beag ag gobadh amach as ionnus go dtig leat é a chasadh leis an bhainne a bhualadh. Ins na h-uachtarlainn mhóra, tá inneal aca, agus is le capaill a bhuaileann siad an bainne. An bhláthach a fagtar indiaidh an bualadh, tá sé iongantach maith fá choinne muca a chothughadh, agus fosta tá sé úraideach fá choinne arán a dhéanamh do na mná. Nuair a bhíonn barraideacht ime ag na daoine díolann siad le siopadoirí é agus ghnidheann siad airgead maith as. Bá ar bith nach bhfuil ag(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cathal Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Mac Giolla Bhrighde
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall