Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 165
- XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
- XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do fuair an sgéal seo ó Sheamus Ó Ghallcobhair,
Doire an Chasain,
Na Dúnaibh
Tír Chonaill.
Tá an fear seo 83 bliadhain d'aois. - seanchas i dtaoibh na haimsire.
Nuair a bhiónn an ghrian ag gabháil i bhfairrge agus í comh dearg le fuil agus cosa ináirde uaithe sin comhartha stoirm i dtaobainne. Nuair a bhíonn sí ag gabháil i bhfairrge comh buidhe le bónn ur óir is comhartha sin comhartha go bhfuil aimsear maith ag teacht. Nuair a t-chíonn tú an ghealach agus fáinne indheas díthe bhionn stoirm i bhfad uaithe, agus nuair a t-chíonn tú í agus faínne i bhfad uaithe bíonn stoirm i ndeas díthe. Nuair a t-chíonn tú na réálta ag sgaoileadh or sa spéir agus iad ag éirghe soillseach agus gruamdha, sin comhartha go bhfuil cuid mhor fearthanna comhgarach dúinn. Nuair nach mbíonn siad ag bógadh bíonn sé fa choinne aimsear mhaith. Tá trí réaltógaí ann, os coinne a chéile a dtabhrann siad " Slat a' Ríogh" ortha agus rithnigheann[?] na daoine ortha acht nuair a theigheann sé indiaidh na Nodlag ní aithneann na daoiní an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Gallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gorta Mór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seaghan Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Gorta Mór, Co. Dhún na nGall