Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)

Suíomh:
Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 260

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 260

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Chasáin
  2. XML Leathanach 260
  3. XML “Cluichí”
  4. XML “Cluichí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cluicí.
    Tá cuid mhór cluicí le h-imirt againn san bhaile agus seo liosta aca. Folachan na gcruach, Dallóg, Cú agus Giarrfiadh, Máide briste, Tig, Cáirde, hí, hó, Madadh An Fheirmeoir, Taidhbhse. Ins an Gharraidh, Dathanna, agus Snathad Mhór an Diabháil. Ins an Gheimhreadh a bhíonn muid ag imirt Folachan na gCruach mar ní bhíonn cruacha ar bith thart fa’n áit ins an t-Samhradh. Sé an doigh a imrigheann muid Folachan na gCruacha téigeann cuid mhór i bhfolach agus tarann gasúr eile a gcuartughadh. Téigheann cúpla duine i bhfolac agus cuirtear éadach thart ar shúile duine éigin agus caithfeadh an duine sin an mhuintear eile a fhaghail. Téigeann beirt ghasúr i bhfolach agus imthigheann an chuid eile agus caithfidh an bheirt iád san a fhághail agus trí chros a chur ar a n-druim. Suidheann an teaghlach thart fan teinidh agus béidh fear amháin ag rádh rann beag. Leanann gasúr amháin an chuid eile uilig agus nuair a leagfaidh sé a láimh ar ghasur ata bheidh seisean an tig annsin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eamonn Ó Buadhaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Domhnall Ó Siadhail
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall