Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)

Suíomh:
Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 164

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 164

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Chasáin
  2. XML Leathanach 164
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanchas i dtaoibh na h-aimsire
    Is maith an comhartha é an ghrian a fheiceail ag gabhail sios iongantach glan, mar bíonn fhios ag gach duine go bhfuil aimsear mhaith ag teacht, acht nuair a théigheann an ghrian a luighe go tapaidh sin comhartha go bhfuil aimsear olc ag teacht. Bíonn fhios ag gach duine fósta nuair a bhíonn fáinne thart ar an ghealaigh go bhfuil stoirm ag teacht. Bíonn loinnear as na realtógaí ar theacht an stoirm, agus bíonn scamaill mhóra ins an spéir. Nuair a bhíonn bogha baistighe ins an spéir ar maidín sin comhartha go bhfuil aimsear olc ag teacht, acht nuair a bhíonn bogha báistighe ins an speír ins an trathnóna sin comhartha go bhfuil aimsear maith ag teacht. Nuair a t-chidheann muid an tóit ag gabháil in áirde díreach ins na tóighthe, bíonn fhios againn gur droch aimsear atá ag teacht. Fósta nuair a tchídheann tú na h-éanacha ag éiteall go h-íseal agus iad ag gabhail ins an fháirrge sin comartha go bfuil droch aimsear ag teacht.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gráinne Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seamus Ó Ghallcobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    83
    Seoladh
    Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall