Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 148
- XML “Saibhreas i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)siad go rabh an poll líonta isteach aríst. Shíl siad gur na náimhde a líon isteach é agus dubhairt siad go gcuirfeadh siad cúpla fear ar ghárda an cead óidhche eile. Nuair a bhí neóin beag agus deireadh an lae ann stád siad dén obair. D'fhág siad na fir ar gárda, agus nuair a bhí gach rud ciúin, aníos leis an chat fiadhanta agus an uair seo bhí fear beag rua ag marcaigheacht ar a dhruim. Tháinig eagla ar cuid acu agus chuaidh siad ibhfolach acht bhí fear amháin ann agus sheas sé go dtáinig an fhear bheag ruadh fhad leis. D'fhiafruigh an fear beag dó cáidé bhí sé ag déanamh annsin. Dubhairt sé gur ag curtugadh a t-saidhbhris a bhí sé agus annsin dubhairt an fear beag leis nach rabh maith do a bheith chuartughadh no nach bhfuigheadh sé é Dubhairt sé leis go rabh an cat fiadhain a cóimheád agus go líonfadh sé isteach é aríst Toísigh an fear a mhagadh faoi acht thug an fear beag buille sá'n leiceann dó agus thionntuigh sé a bhéal thárt go cúl a chinn. Nior chuartuigh aon duine an áit ó shóin fa choinne an t-saidhbhris.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Bhuadhaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Siadhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall