School: Inis Meáin (roll number 12339)
- Location:
- Inis Meáin, Co. Galway
- Teacher: Proinsias Ó Dorchaidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mar sin do cheannacht. Bíodh cáca aca a deanfadh siad as fataí faochain, agus báirnigh le n-ithe. Do caitheadh na daoine na báirnigh do bhaint le píosa do bior iarainn agus do chuirfeadh siad ar bruith sa bpóta iad. Ní itheadh na daoine feóil go minic fadó mar ní bhíodh mórán feóla san áit agus ní raibh mórán airgid ag na daoine le feóil a cheannacht. Bíodh siad ag ithe go leór íasg, mar bíodh siad ag íasgach go minic agus do mharbuighidís a lán de. Seo iad na h-éisg a mabhughadh, lang, mangach, faoitín éadóg sgadán, crudán, agus troisg. Bíodh siad ag ithe uibheacha Domhnach Cásga, agus ní chuirfeadh siad aon bainne ar a gcuid tae Aoine an Céasta, is dócha gur cuimhin leis na sean-daoine tae a theacht go dtí an ceanntar an céad uair 'riamh. Ní bhíodh aon chupáin aca roimhe sin acht sáspain?
Dara Ó Conghaile- Collector
- Dara Ó Conghaile
- Gender
- Male