School: Doire an Chairn (roll number 12976)

Location:
Derreenacarrin, Co. Cork
Teacher:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 118

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 118

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire an Chairn
  2. XML Page 118
  3. XML “Cruatan”
  4. XML “Cruatan”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ceatharar aca báidhte rómpa agus an beirt eile i gcrúchás istig sa bád agus na túinntaca á gclúdhach. Thosnuig an triúr fear ag glaodhach agus ag feadaoil agus ba ghearr go raibh fir Facha agus Tráchfrasc chúcha ach ní raibh aon mhaith ann mar ní raibh aon bhád le fághail in gioracht mhile dhóibh agus bhí an beirt fhear i gcómhnuidhe san bad agus in contabhart bheith báidhte. Fe dheire tháinig fear ó Tráchfrásc gurab ainm dó Marcas Ó Dúnaoí agus léim sé cun charraighe a bhí tamail ón dtalamh agus d'iarr sé ar na fir a bhí san bád téad a chaitheamh chuige Chaitheadar cuighe an téad agus thug Marcas ceann na téada dos na fir a bhí ar an dtalamh agus thug sé leis amach ceann dos na fir agus dhein sé an cleas céadhna leis an trana dhuine. Ní rabhadar as an mbád cuig nóimeatí nuair a briseadh an bád ar na failleacha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tímcheall le dachad bliadhain ó shin bhí triúr fear ó Doire an Chairn agus fear ón ghCúiléaraig ag obair i mbád gainimh. Triúr do mhuinntir Shúilleabháin agus duine de mhuinntir Cruadhlaoich a bhí ann.
    Bhídís ag tógaint gainimh le h-ais oileán Ghairnais agus á cur go Béaláthalice. An lá áirthe seo nuair a bhíodar ag teacht thar n-ais tháinig síde cómhartha díreach agus iad lasmuigh de'n gCrúleanaig gan aoinne léi agus bhuail sí an seól agus d'iompuigheadh an bád. Cé gur lá breágh Fóghmhair a b'eadh é do bádhabh an ceathrar.
    Bhí ráfla ar siúbhal go dtáinig duine acu isteach chun Oileán Béara agus maide-rádh 'na lámh aige
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Cruadhlaoich
    Gender
    Female
    Address
    Leahill, Co. Cork
    Informant
    Mícheal Ua Cruadhlaoich
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    46
    Address
    Leahill, Co. Cork