School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 005
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Timpeall ceithre fichid bliadan ó shin núair a bhí cupar a bhaint ins na h-Allethí tagadh fear ó Corcaigh chun an lucht oibre do dhíol gach Sathran. Aon lá amháin núair a bhí sé ag teacht bhí bosca mór / lán d'ór aige chun na bhfear a dhíol agus caill sé é an an mbóthar idir Gleangarbh agus Fircél.
Dúbharadh go raibh beirt fear ag dul ar aonach Beanntraighe le breaca an lae agus go bhfúaradar an bosca ar thaobh an bhóthair. Níor oscail siad é acht breitheadar air agus cuireadar i bhfoghlach é fé'n mbóthar go dtí go raibh siad ag teacht abhaile lá ar na máireach.
Núair a thánadar go dtí an áit gur fhágadar an bhosca bhíodar ag crith le h-eagla go bfúair aoine e, acht bhí sé ann. Leigheadar ann é ar feadh tamaill ar eagla go mbeadh fhios ag aoinne go raibh sé aca. Thugadar abhaile annsan é agus dúbharadh gur tháinig an fear ag trial air in dhiaidh tamaill agus b'éigin dóibh é thabhairt uatha.- Collector
- Cáit Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Address
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Informant
- Séan Ó Súileabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Derreenacarrin, Co. Cork