School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 014
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé 'na chónaí i gCura-Chaol dhá mhíle thoir thuaidh ó Gleann-Garbh. Bhí much breágh ramhar aige agus aon lá amháin thóg sé í go dtí an aonach i mBeanntraighe. Dhíol sé an mhuc agus fuair sé cúig púnt deich uirthe. Ansin chuaidh sé isteach i dtig tábhairne agus d'ól sé braon. Do dhein sé rud éigin as an slighe agus chúala na Gárdaí é. Ní fhéadach sé dul abhaile mar bhí na Gárdaí ar a thóir.
Bhí sé ag caint le Siúinéir agus dubhairt an Siúinéir leis go raibh cómhra déanta aige agus go raibh beirt fhear 'ghá tabhairt isteach "cúpla míle ó'n gCathair." Cad ba ghád dom an chómhra arsan fear. "Ó arsan Siúnéir "cuirfead tusa isteach ann agus cuirfa an clúdach air. Tá go maith arsan fear. Annsan tháinig na fir agus capall agus cairt acu. Do chuir an Siúinéír an fear isteach sa chómhrainn i ngan fhios agus do chuireadear isteach sa chairt é. Do ghlúais an chapall go dtí go raibh sé míle go leith nó mar sin. Annsan do thug an fear a bhí istig sa chómhrainn buille don clúdac agus do liúig sé. Do rith an beirt fhear mar cheapdar gur sprid a bhí ann. Tháining an fear amach as an chómhrainn agus do thiomáin sé an chapall go dtí Gleann Garbh agus d'fhág sé an chapall ansann agus do rith sé abhaile.Fuaireas é seo ó m'athair Séamus Ua Maighamhna- Informant
- Séamus Ua Mathghamhna
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 57
- Address
- Coolieragh, Co. Cork