School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 117
- XML “Cruatan”
- XML “Cruatan”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ós cionn triochadh bliadhain ó shin bhí bád tar éis teacht abhaile ó mBeanntraighe go dtí cé Doireanchairn.
Nuair a bhí an stuif go léir curtha amach as an mbád do thuit caillín óg darabh ainm di Brighid Ní Chruadhlaoich, Leith-choill, ón dtalamh sa bhfairrge.
Bhí cliabhán 'na láimh aici agus dá bharr san d'fan sí ag snámh. Léim fear eile darabh ainm dó Peadar Ua Chruadhlaoich amach in a diaidh chun í sábhail. Do theip air agus bádhfí an beirt mura mbheadh mo sheana-athair Micheál Ua Cruadhlaoich a thug maide rádh dhóibh. Do rugadar ag an maide rádh agus séo iad araon isteach go talamh.- Collector
- Máire Ní Cruadhlaoich
- Gender
- Female
- Address
- Leahill, Co. Cork
- Informant
- Caitlín Bean Uí Chruadhlaoich
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 41
- Address
- Leahill, Co. Cork
- Timpeall seacht mbliain ó shin bhí bád tráléir ag iasgairacht i mBádh mBeanntraighe agus aon oidhche amháin tháinig sí isteach chun bheith ag iasgaireacht i mbun Facha. Bhí an oidhche ana dhorca agus bhí stoirm ann. Thánadar ró cómhgarach chun tailimh agus do chuaidh an bád suas ar charraig. Thosnuigheadar ag screaduig agus ag screaduig agus bhí triúr fear ag teacht ó bheit ag imirt cártaí agus do chúaladar iad agus bhí(continues on next page)