School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 094
- XML “Amhrán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán
“Ar eol crois an tsaoghal gur bhféidir liom suighe cois na h-Abhann ¶ Ag nígheachán mo léine is é treabhsach dubh ar mo dhrom”
I
Ar eol crois an tsaoghal gur bhféidir liom suighe cois na h-abhann
Ag nígheachán mo léine is é treabhsach dubh ar mo dhrom
Do gholas dom braonar taréis me 'ghá leatha igcrann
Me ag cuimhneamh ar na mnaoibh abhí nÉirinn
Gan iad taobh liomsa do níghfadh é in-am
II
Mo mhallacht do thabharfinnse ar aoinne do [?] mo slighe
Bheith i mboitháinín beag aonar go brónach id' leabaidh na luighe
Na cearca sa chrann is gan dabht do cailleadh na h-uibhe
'S nach atuirseach domhan é a h-aon shamhail fir is easba mná tíghe
III
A tharbh gan déine céad léin is go dtaigidh tú dall
Ag ithe mo léine lá grianmhar is é sileadh le crann
Ní ghádh dhuit é in aonchor mar bhí féar agat le nithe ins gach ball
Ach scamail ón spéir ort do caochfadh tú borac nó bodhar(continues on next page)- Collector
- Criostóir Ua Úrdail
- Gender
- Male
- Address
- Tooreennagrena, Co. Cork
- Informant
- Peig Bean Ní Úrdail
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 45
- Address
- Tooreennagrena, Co. Cork