Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)

Suíomh:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Múinteoirí:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 185

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 185

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Chasáin
  2. XML Leathanach 185
  3. XML “An Sionnach agus an Cat”
  4. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Pósaidhthe.
    Ins an am i lathair pósann chuid is mó de na daoine ins an gheimhreadh, idir mí na Nodlag agus an Chorgas, ach i bhfad ó shóin phósadh na daoine ins an t-Samhradh. Deir na sean daoine nach bhfhuil sé ádhmháil pósadh Dia Sathairn no Dia Ceadaoine, nó i mí na Bealtaine. Ins an am i lathair geibh na daoiní airgead nuair a bhíonn siad ag gabháil a phósadh, ach i bfad ó shóin gheibheadh na daoine stoc a’s troscán tóighe. Ins an am i lathair pósann na daoiní ar maidín agus bíonn aifreann ann, ach i bhfad ó shóin phósadh na daoine ins an oidhche agus shiubhalfhadh na daoine go dtí Teach an Pobail agus muintir na tuaithe leó, ach ins an am i lathair bíonn gluaistean leis na daoine a bhitear ag gabháil a phósadh., I bhfad ó shóin béadh muinntir na tuaithe, i sgaifte mór acu leis an lánamhain go Teach an Phobail agus beadh siad ag ceól. Ní chaithfeadh na cáilíní eadach glas mar go rabh na seandaoine ag rádh gur éadach mis-ádhmáil é. Nuair a bheadh an bhainéis acu thiocfadh cuid buachaillí an bháile
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Róise Níc Pháidín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Dumhaigh, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Pháidín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76
    Seoladh
    Dumhaigh, Co. Donegal