School: Clonmellon (B.) (roll number 9500)

Location:
Ráistín, Co. na hIarmhí
Teacher:
P. Ó Droighneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0725, Page 001

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0725, Page 001

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clonmellon (B.)
  2. XML Page 001
  3. XML “Tráchtas Beag ar Chluain Mioláin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cluain Mioláin is ainm do'n tsráid-bhaile. "Ráiscín" an t-sean-ainm (de réir fuaime.) Bheir cuid de na daoine (go h-áirithe na sean-daoine) an t-sean-ainm go foíll air. Nuair a bheirtear "Ráiscín" anois air, sílim gur d'fhonn bheith ion-mhóideach fa'n áit a ghnithear é. Níl an sráid-bhaile féin aosta, agus seo mo bharamhail ( de reir a gcuala mé) fá'n dóigh a dtainig sé "un tsaoghail", mar déarfá:- bhí tighearnaí talmhan i réim annseo go dtí roinnt bliadhantach ó shoin. "Chapman" a b'ainm dóbhtha. Ba leobhtha an tír uilig thart timcheall a n-áit comhnuidhthe (Caisleán Killua). Ba leo an talamh a bhfuil Cluain Mioláin suidhte anois air. Deirtear go rabh £80,000 sa bhliadhain ag gabháil dóbhtha mar chíos agus gur thóg siad Cluain Mioláin ( fá n-a chuid toighthe beag) mar bhaile do'n tsluagh mhór oibridhthe a bhí beo orthú. Deirtear gur b'iad na Chapmans a bhaist an t-ainm "Cluain Mioláin" ar an áit a tugadh Ráiscín air roimhe. Theip orm-sa ughdar ar bith eile a fhágháil de'n ainm seo. Ceart go leor tá cnoicín beag fá n-a culaith crann in-aice an bhaile a bheirtear "Cnoc Meoláin" air agus is doíche gurab é ainm an chnuic sin a thug "Cluain Mioláin" i gceaann Chapman mar ainm fóirsteanach do 'n áit. Tá Cnoc 'n a sheasamh i lár an mháigh mhór páirceann atá ag síneadh idir Chluain Mioláin agus Kilrush. Tá dhá chnoc ann agus sé Cnoc Mioláin an ceann is comhgaraighe do Kilrush é.
    Na daoine a dtearnadh na toighthe dóbhtha annseo, níor de muinntir na h-áite iad agus níorbh ionann nósannaí agus dearcadh dóbhtha agus do na sean-aitreabhaidhthe, rud atá fíor, dar liom. Fá shliocht an dá dhream atá beo induí. Caithfidh mé sin a mhinuighadh ( bheárfaidh mé m'ughdaras ar ball, nó is stráinséir annseo mé ) Prátastúnaigh dicheallacha díograsacha a b'eadh muinntir Chapman. Prátasúnaigh is mó a thug siad
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Ráistín, Co. na hIarmhí