School: Clonmellon (B.) (roll number 9500)

Location:
Clonmellon, Co. Westmeath
Teacher:
P. Ó Droighneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0725, Page 005

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0725, Page 005

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clonmellon (B.)
  2. XML Page 005
  3. XML “Scoileanna Chluain Mioláin”
  4. XML “An Seanteampall”
  5. XML “Stair na hÁite”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. In-aice Chaislean Killua (idir é agus an loch) Tobar Naomhtha, "St Lucy's Well", agus ballógaí sean-teampaill . (Bheárfaidh mé ainntas ar an tobar níos fuide anonn). Bhí an teampall seo leagtha ar fad uair amháin acht d'ath-thóg na Chapmans é le cuma na seandachta a chur ar an áit bfheidir. Bhí ballóg shean-teampaill eile ag "Moyahera" (sin fuaim an fhocail amháin!) tá dhá mhíle de Killua. Leag Chapman an ceann deireannach seo agus thug a chuid cloch go Killua leis an cheann a bhí le taoibh an Chaisleánn a dheisuighadh. (Ní shílim gur le meas do'n tsean-fhoirgneamh a rinneadh sin nó tá cuid de clocha an tsean-teampaill 'san bhalla atá ag gabháil timcheall an estate. Má théigheann tú o'n Chaisleán ar an chasán go dtí an Golf House tchífear geata bhéarfas amach tú ar an bhealach-mhór. Gabh síos an bóthar sin agus tá balla an estate ar do láimh chledh. Idir caoga agus céad slat o'na gheata tá clocha greannta an tsean-teampuill le feiceál go soiléar i lár an bhalla

    (Sgéal fá athrú na gloch ó Patrick Duncan, Shepherd)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. ( ó Mrs Gavagan, meadon-aosta, a bfuil suim aice 'na léitheidh)
    Sna sean-laethe sul a dtainig na Chapmans, bhí seipéal an Paroisde ag Baile an Locha (Ballinlough, Clonmellon) áit a bfuil na ballógaí le feiceáil go fóill. Fá'n am sin bhí líon mór daoine in-a gcomhnuidhe i mBaile an Locha agus ag Kilrush. Tá sean-chaisleán ag Ballinlough ar ghabh Cromwell seilbh air. Ba d'arm Chromeul an chéad Chapman agus tugadh Killua dó in-eiric a chuid seirbhíse san arm. Chuaidh Robert Chapman go dtí an Astral agus cheannuigh talamh annsin. Thainig sé arais agus is iomha lán-luinge de mhuinntir Bhaile an Locha agus de mhuinntir Kilrush a chuir sé go hAstral. Thoiligh an dubh-sgaifte daoine a ghabháil leis, nó bhí cruadhtán an tsaoghail
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Mrs Gavagan
    Gender
    Female