Scoil: Cnoc Sceach, An Léim (uimhir rolla 10603)
- Suíomh:
- Cnoc Sceach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Ss. Mac Carrthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc Sceach, An Léim
- XML Leathanach 105
- XML “Príomhscéal Chuan Dor”
- XML “Seán Máistir is na Francaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tíre ná mar a dhein (?) roinnt blianta roimhe sin. Tá sé mar sin riamh ó shoin agus ní dheaghaidh aoinne a cuardach le h-eagla na h-eagla go raibh an phláígh i dteannta an óir.
- Seán Máighistir 's ó Coileáin a cur na franncaigh a 'teampaill Mhiodhrais. 'S amhlaidh a thánadar isteach ó'n bhfairrge 'na gceadta 's na mílte. Ní fheadfaidís aon corp, olc ná maith a cur ann le neart franncaigh mar d'iosfaidhe gach pioc de láithreach bonn. Bhíodh eagla ar aoinne dul isteach sa roilig cómh maith. An lá seo bhíodar chun duine éigin do chur ann, agus bí eagla ortha dul isteach sa teampuill le na franncaigh agus d'iarradar ar Sheán Máighistir iad dhíbirt as. Dubhart Seán Máíghistir leogaint dóibh go dí maidin ambáireach. Maidin Domhnaigh a béadh ann agus go gcurfheadh (?) sé féin amach iad annsan. Thánaig sé ar maidin, agus an ghrian ag éirighe, agus bhí slat bheag na dhorn aige, agus do bhuail sé isteach 'na lár agus choimeád sé iad amach uaidh, agus bhí na daoine go léir ag faire air ós na claidhtheacha, agus eagla ortha teacht isteach. Dubhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Cárthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Achadh Tiobraide Mór, Co. Chorcaí