Scoil: Cnoc Sceach, An Léim (uimhir rolla 10603)

Suíomh:
Cnoc Sceach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Ss. Mac Carrthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 141

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 141

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc Sceach, An Léim
  2. XML Leathanach 141
  3. XML “An Drochshaol”
  4. XML “Na Seanscoileanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    anois agus ceann eile thíos i gCé na (Léíme) Droma i gCuan na Léíme. Do cuirtí na daoine gan cómhra. Bhéarfad triúr fear an corp leó, agus is minic a bhídí féin ró lag cun é do thabhairt go roilig coisricte, agus cuiridís in aon ball in ao'car iad. Do cuireadh go leór daoine ar gach taobh an claidhe sin, atá ar an dtaobh thoir do seípéil na Leime agus ní raibh aon roilig ceart ann. Do leadadar d'en nós i bhfad na dhiaid san, daoine a cur in áiteananaibh mar sin. Is cuimhin liom féin duine á cur annsúd - Sean áthair le Párathalán Ó Donnabháin, gabha na Léíme - agus chuireadh san áít sin é, ach do labhar an Easbog i gcoinnibh daoine a cur in áit ná raibh coisrichthe., agus bé siúd an duine deirneach a cuireadh ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Ní raibhh aon scoil ceart ag an seana muinntir le dul ann. Is amhlaidh bhíodh fear ag muíneadh i dtig feirméara agus do théigheadh na scoláirí go léír chuige. Bhí scoil mar sin i gClais na gCnámh ar an dtaobh seo de phort in a Cíll Inga agus do théigheadh muinntir an baile sin ann. Is cuimhin liom sean duine amháin agus dearfadh sé "Á a bhuachaill d'ouad mise i gClas na gCnamh. "Is cuimhin liom an cabhlac bhí ann. Idir deich bpúnt s cúig púnt deag sa bliadhain bí ag maighistir an am san,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. scoileanna (~4,094)
    Teanga
    Gaeilge