Scoil: Cnoc Sceach, An Léim (uimhir rolla 10603)
- Suíomh:
- Cnoc Sceach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Ss. Mac Carrthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí long ó'n Spáinn teacht ó taobh theas 'Meiricá go dtí tír na Spáínne agus í lán d'ór agus d'airgead á dtabhairt, ag triall ar Rígh agus ar Ria Vtóirí (?) na Spáinne. Nuair a bhí sí leath slighe idir an tomhan thiar agus an Európ do thuit fear breóite ar bhórd. Cúpla lá 'na dhiaidh sin thuit fear eile breóite, indhiaidh sin airís thuit fear eile breóite agus an fuireann go léir in dhiaidh a céile agus an Captaen chomh maith leó, ach amháin an triúr ba shine ar bhórd. Do bhíodar go léir sínte amach ins na leabthacha agus ní rabhadar ábalta air aon obair a dhéanamh, ach an triúr sláinteamhail ag tabhairt aire dhóibh, ag feistiú na luinge agus á stiúú ar a cúsa soir. Chuadar mórán as a gcúrsa tosg an Captaen bheith sínte agus in ionad dul ag triall ar an Spáinn 's amhlaidh a thánadar go Tír na hÉireann. Ba cuma leó goidé tír é, ach é shroisint. Féachaint an bhfuighidís aon fuascailt as an gcruadhchás 'na rabhdar, mar bhíodar buailte amach ag an obair agus ar an easba codladta. Isteach go Cuan Cor theas do thánadar agus do leagadar na seólta agus do leagadar anncaire uatha agus i lár an chuain. Chuireadar fios ar muinntir na tíre annsan. D'innseadar dóibh cionus a bhí an scéal acu. Do thug Muinntir na tíre ollmhaitheas dóibh i (?) im agus bainne uibhe cearc agus neithe nac é cun na breóite a leigheasadh. 'Samhlaidh a fhágaidís istig ar an dtráigh dóíbh é agus do thagaidís muinntir na luinge chun iarraidh leis an mbád(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Cárthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Achadh Tiobraide Mór, Co. Chorcaí