Scoil: Cnoc Sceach, An Léim (uimhir rolla 10603)
- Suíomh:
- Cnoc Sceach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Ss. Mac Carrthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An bhfeiceann sibh chúghaibh iad, chúghaibh iad, chúghaibh iad
An bfeiceann sibh chúghaibh iad, mná na núbh gcearc
An bhfeiceann sibh chúghaibh iad ó Chorcaig 'na dtrúpaibh
Agus worsted go glúnaibh ar mhnáibh na nubh gcearc
2
tá cailín ar m'eólas 's cheannaig sí bó ortha
'Sé deirid na cómharsain go gceannóch nú beirt
Chuir sí laimhiní ar a dóirnibh agus síoda ar a scórnaig
Agus weltanna móra suas ar a plaic.
3
'Té ' chífead na gheócaig ag rinnce ar an mbóthar
'sa nathar go brónach gan aon ghal tobac
do bhéarfadh ar óigfhear bhainfeadh crotha nú dhó as
's gan spré 'cé ach bóna de bhárr na nubh gcearc.
4
deir an tseanbhean críonna bhíonn leaithte ar an ngríosaig
Éirig a bhrighide 's claoidh chúgham an chearc
gheóbhaidh an coilleach mór thímpeall 's buailfidh two threes uirthe
'S bhféidir fé'n oidhche go mbeadh
aice cnap
An bhfeiceann sibh chúghaibh iad,srl- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó hUallaí
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoc Sceach, Co. Chorcaí