Scoil: Cnoc Sceach, An Léim (uimhir rolla 10603)

Suíomh:
Cnoc Sceach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Ss. Mac Carrthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 031

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 031

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc Sceach, An Léim
  2. XML Leathanach 031
  3. XML “Mícheál Cormac Ó Súilleabháin”
  4. XML “Buachaill Bán na Scaoinse”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Thosnuig Mícheál ar ranna 'cur le chéile agus é go hana óg mar sin. Bhí sé ag fosaidheacht na bó lá agus thuit sé na chodladh. Nuair dhúisigh sé bhí an donas de díoghbháil déanta ag na buaibh. Ceap Micheal amhráinín beag ach níl le faghail anois de ach dá líne. seo mar a ritheann sé.
    Níor fhágadar ruaine dtaobh shuas díon gan bearradh prátaí na cluaise is na cluaintí do bhí ag easgair.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tá scéal mínigthe ag baint leis seo mar amhrán i n-amisir na deachamhan do thuit sé amach. Bhí Mícheál dá fhichid bliadhain an uair sin nuair cuireadh cosc le na ministirí [?] deachamhain do bhailiú sa t-seana nós bhí [?] ag na feirmeóirí bochta mar cheapadar go rabhadar saoruatha ar fad. Cé na Rabhadar ná saór.
    Bhí Seámus Ó Donnabháin ó Scaoinse an éisc 'na cleireach i Somerset House an uair chéadna Thárla go raibh sé sa bhaile ar laethanta saoire an tráth do deineadh an dlíghe seo gur thagras di agus is é a fuair an t-órdú dul go dtí Ministir Sannrach a bhí i Léim Uí Donnabháin chun innsint dó cionnus mar a bhí an scéal. Ansan iseadh do rith an filidheacht so ó bhéal Mhíchíl Chormaic
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge