Scoil: Cnoc Sceach, An Léim (uimhir rolla 10603)

Suíomh:
Cnoc Sceach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Ss. Mac Carrthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 103

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 103

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc Sceach, An Léim
  2. XML Leathanach 103
  3. XML “Príomhscéal Chuan Dor”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    teanga spáinne agus seo an tuairisg a fuair sé air.
    G' Raibh seól luinge lán
    d'or buidhe agus airgead bán
    Curtha 'san talamh le mairnéalaig ó'n Spáinn
    I dtír dá Caisleán
    I dtir dhá sruthán agus gcuan dor.
    Nuair a tháinig an sagart abhaile chun a mhuinntir d'innsigh sé an scéal dóibh mar a chuala sé féin é sul d'fág sé an Spáinn. Do chuaidh an ráfla ó bhéal go béal agus ó dhuine go duine go raibh fios ag cach air agus do cheapadar go raibh long na aicíde ann. Roinnt blianta roimhe sin. Thánadar - Muinntir Cuan dor i gceann a céile agus dubhradar go dtagaidís ar an airgid agus ar an óir. Oidhche áirithe do chuadar chun an áit a chuardach idir an dá Caisleán. Tá leath míle slighe idir an dá caisleán agus an slighe ceadna idir an dhá sruthán díobh. Mar tá sruthán lámh le gach caisleán agus bhíodh muileann ar gach sruthán díobh san am san ag gabhail leis na Caisleáin. Ní rabhdar abhfad a cuardach ar bhruach na faille núair siúd aníos an cuan míol mór agus níor stad sí gur thánaig sí ar aghaidh na faille amach agus do thosnuig sí an tuisce do shéideadh amach as a béal isteach ar na fir bochta agus le neart agus le fuinneamh agus ba dhóbair ba mbáthfadh (?) sí na fir le huisce sáile istig ar an dtalamh tirim. Do thugadar suas an obair agus do theitheadar abhaile leó féin mar na feachadar a leithéid d'ainmhidhe riamh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Cárthaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Achadh Tiobraide Mór, Co. Chorcaí