Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)

Suíomh:
Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 161

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 161

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire an Chairn
  2. XML Leathanach 161
  3. XML “Leigheasanna”
  4. XML “Na Rudaí atá le Fáil ar an Tráigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Tá dhá saghas feamhnac ag fás ins an bhfairrge, feamhnac dubh agus feamhnac dearg. Múr a thugann síad ar an bhfeamhnach dearg. Tá mórán saghas eile ag fás ann leis mar miobhán, triopán agus cairrigín mas. Tá rud eile ag fás ann agus meigilín na gabhar a thugann síad air agus ní h-aithnuigheann mórán daoine é ón gCairrigín-mas, is dabharachach le céile íad. Tá feamhnac dubh ana úsáideach chun gáirdín do leasúghadh. Tá múr go maith chun leasúghadh leis agus ta leigheas air do réim chómh maith. Beireann síad na préamhacha de go dtí go mbíonn sé bog annsan ceimíluigheann síad an t-uisce de'n réim. Deintear lán de'n Mhúr leis. Tá leigheas ar an uisce a bheiruigheann an miobhán tirm air do leanbhaí a bheadh píastaí ortha. Tá sé folán do gach aoinne chun é ithe. Tá leigheas ar Cairrigin mas do dhuine a bheadh trioblóid ar a h-ucht.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.