Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 055
- XML “Duine Cáiliúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí cailín áluinn ann fadó agus bhí sí 'na cómhnuidhe i gCíll Treasna in Adrigól. Dúbhairt a máthair léi go gcaithfidh sí pósadh a dhéanamh le seana fhear a bhí 'na chómhnuidhe in a h-aice. Bhí mórán airgid ag an bhfear ach níor mhaith leis an chailín é do phósadh, ach do phós sí é in aon chuma. Annsan tháinig brón uirthe agus dúbhairt sí na focala so.
I
"Is dealbh dúbhach deórach an pósadh de ghealladh dom
[?] na sean-duine na h-íar cnámha
Do chuireadh le fórsa a bpósadh do sagart sinn
'sis dúbhach bhí agam ar líon é rádh
II
A thioca gan chíall gur mhór gur bhfearra dhuit
Bheith ar do leabaidh ar cham an lá
Do chailíní óga ag gnó is a obair dhuit
Do chuigeann a cnaga dhuit uair sa ló
3
Dá gcuirfeá me ar bhóthar nó cóíste ag cnagarnaig
Ór na chairn é thabhairt dom lámh
Ní ghealadh mo chroidhe aon oidhche sa t-seachtmhain duit
Go deimhin ní ghealadh go bhfaghaim me bás
4
Ní thaithnean do shiúbhal do láiath do chastha liom
Ag bagairt do shúile ná siúd do leaca liom
Gur Fear eile súgach dúaig me ar mearthal
mo chroidhe do cheangal san óig fear breágh- Bailitheoir
- Cáit Ní Mhathghamhna
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Mhathghamhna
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 53
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí