Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)

Suíomh:
Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 138

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 138

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire an Chairn
  2. XML Leathanach 138
  3. XML “Seanscoil”
  4. XML “Seanscoileanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Suás le céad bliadhan ó shóin. Bhí sean-scoil thíos i Rúsg in Eadragoil. Do bhí múinteóir ann, agus do ghaoidís an sean-mháighistir air. Dómhnall ó Súileabháin a b'ainim dó. Do cómhnuidh sé i gCrota. Ní raibh aon pháig aige, acht do thabharfadh na daoine prátaí agus rudaí eile dó. Úaireanta ní bhíodh acht naoi nó deich scoláirí ag dul ar scoil ann. Tá an sean-scoil ann i gcomhnuidhe agus tá sé ag muintir Séan ó Súileabháin anois.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tímpeall caogad blian ó shin tháinig Máistir rínnce tímcheall áit seo ó Ciarraighe chun scoil rínnce do chur suas. Bhí sé tamaill ag cuardach do thig sar a bhfúair sé é. Fé dheire fúair sé tig sa Cúiléarach shíos in aice na fairrge. Ba ghearr go raibh mórán scoláirí aige ag foghluim rínnce agus bhí bhiedhlín aig [?] chun seinnt. Ins an am san ní raibh na daoine chómh maith chun foghluim agus a táid anois. Ar éigin d'athain aoinne achu a chos dheas ón gcois clé. B'éigin don Máistir rínnce súgán féir agus súghán tuighe do dhéanamh agus an súgán féir do chuir ar an gcois dheis agus an súgán tuighe a chur ar an gcos clé. Núair a teastuig uaidh rínnce leis an gcois
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. scoileanna (~4,094)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Súileabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    46
    Seoladh
    Doirín an Chairn, Co. Chorcaí