Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)

Suíomh:
Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 125

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 125

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire an Chairn
  2. XML Leathanach 125
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Síos tímcheall cathair Corchaighe a théigheadh muintear Béara ag tuilleamh a mbéile fadó. Ag baint prátaí nó ag baint choirce an gnó is mó a bhíodh aca á dhéanamh. Siar go Béara a théigheann siad ag baint na prátaí anois.
    Tháinig an seana fhocal fíor go mbeadh Corchaigh siar agus Béara thoir. Téigheadh na mná síos ann chómh maith leis na fir.
    Aon uair amháin bhí bean ag baint choirce in aonfheacht le gasra fir. Dá bhfeabhas iad na fir ní fheadfaidís dul tháirse amach. Bhí fear óg láidir aca agus dhein seiseann a dhíothall acht theip air. Nuair a bhí an tráthnóna ag teacht thuit [?]sise 'na laigíocht. An fhaid a bhí sise sa laigíocht do bhain an fear óg so an lámh as an gcorrán agus cad a bhí istigh ann acht daradéil.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Cruadhlaoich
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Liathchoill, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Micheál Ua Chruadhlaoich
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    46
    Seoladh
    Liathchoill, Co. Chorcaí
  2. Bhí fear ann fadó darab ainim Seán na Galaidhe. Ní raibh aige ar an shaoghal so acht an méid a ghoid sé. Lá
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.