Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)

Suíomh:
Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 086

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 086

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire an Chairn
  2. XML Leathanach 086
  3. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán

    Bhí fear agus bean ann fadó agus bhíodar ana bhocht agus chuaidh an feear go tír eile ag cuilleamh dó féin

    Bhí fear agus bean ann fadó agus bhíodar ana bhocht agus chuaidh an fear go tír eile ag tuilleamh dó féin. Tháinig sé lá amháin agus ní raibh aithine ag éinne air. Bhí a bhean ag nígheacháin núair a tháinig sé. Chúaidh sé isteach chun a mháthar agus d'íaraid sé di cá raibh a bhean. Chúaidh sé go dtí an abha, an ait 'na raibh a bhean, agus labhair sí de mar seo.
    Ní ormsa ba cómhra do streó cuir i bhfad.
    Bhí agam nóchair do óig fhear deas
    Ní fheadar nách beó beadh mo stór ag teacht.
    Cár imthig sé uaith do shúaic fear deas.
    Go luigheann a chú cómh dtlúgh sinn leat.
    Chúaidh sé anonn is ba chúis fé ndear
    Bhí a chroidhe ró mhór is a bhfustal ró lag.
    Is a phlúr ró ghann chun é thabhairt tar-nais.
    II
    A chuimín mhall is a chúimín óg
    Druid anall agus tabhair dom póg
    Ceanghallaidh liom tú go bog óg.
    Is ar mhnáibh na Múmhan is tú mo stóir.
    III
    De bheath-sa sláinte a h-áird fhir óig.
    Cuirim-se go h-árd céad faillthe rómhat
    Le barraí mo dhá láimh le grádh is le póg idir do
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peig Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Bean Ní Loinnsig
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50
    Seoladh
    An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí