Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)

Suíomh:
Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 114

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 114

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire an Chairn
  2. XML Leathanach 114
  3. XML “Cruatan”
  4. XML “Cruatan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    féin go Beanntarighe. Nuair a bhíodar ag teacht thar n-ais bhí sé garbh tímcheall na carraigracha agus theip ortha an bhean a thógaint. Ba mhór an truagh í d'feiscint ag sgreadaigh agus ag béachaigh. Nuair a chonaich sí ag bád ag imtheacht agus í féin ar an gcarraigh Ar maidin amáireach nuair a thánadar thar n-ais ghá h-iarraidh bhí sí báidhte rómpa mar clúduigheann an tsaoidh an carraig nuair a bhíonn an gairitheann ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Lá amháin bhí mo sean-athair agus trúir eile ag teacht ó Bheanntaighe ar bhád gainimh agus bádhadh iad timcheall leath locha amach. Bádhadh iad an cúiguadh lá déag de mhí Lughnasa timpall 1844. Seo iad na h-ainmneacha a bhí ortha. Diarmuid ó Súileabhain, Mícheál ó Súileabhain, Diarmúid ó Súileabháin, agus Domhnall Ó Chruadhlaoí. Bhí truír acha ó Doire-An Chairn agus ceann ó Culíarthach agus ní fuaireadar aon thuairisg ortha ó shoin i leith beannacht Dé lé na n-anam
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Ní hAnnracháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    45
    Seoladh
    Doirín an Chairn, Co. Chorcaí