Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)

Suíomh:
Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 158

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 158

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire an Chairn
  2. XML Leathanach 158
  3. XML “Leigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí seana chrann ag fás gCúilíarthach agus bhí seana cré fe'n gcrann agus thugaidís abhaile é agus chuiridís in-aice na teine é agus uisce timchall air. Thugaidís an t-uisce le nól do dhuine bheadh droch ghoile aige. Núair a bhíodh béal tinn ag na daoine fadó sé an leigheas a bhí acu na an gandal do chur fé caiseán[?] san oidce agus ar maidhin roimh breachfast chuirfidis teanga an gandail isteach ar bhéal an duine a bheadh tinn trí maidin in dhiaidh a chéile agus nuair a séideadh an ghandal a anál isteach do leigheasadh sé sin é.

    Seo leigheas do na leanbhaí a bheadh an truic aca. Do thógaidís ós cionn agus fé an tasal naoí núaire iad agus do phógaidís an cros gach uair. Dá nghearrfadh an cat tu agus dá stracfá cuid dá ghrúaidh i gcoinnibh an fionnadh agus é chur ar an ngearra do leigheasach sé é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Conchubhar Ua Urdail
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Siobhán Bean Uí Urdail
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    45