Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)

Suíomh:
Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 157

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 157

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire an Chairn
  2. XML Leathanach 157
  3. XML “Leigheasanna”
  4. XML “Leigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mac a dá h-abhann air. An té a bhíonn chun an leigheas sin d'fághail ní ceart aon ní d'insint doibh mar geall ar an leigheas agus ba cheart an plannda bheiriughadh amuigh cun aon mhaitheas a dheanamh de'n galar. Deireann na sean-duine go bhfuil leigeas do phian san cré atá thimpeall préamh an sceach geal. Is mar seo a dheinidis é. Do bheireadh síad an cré, agus sgagach síad é agus d'óladh an duine go m-bhiodh an pian aca. Sin leigheas de'n phian. Do dheinidis leis, plástar de galúnach agus siucre chun rudaí do leigheas
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Is mó ainmhidhthe fiadhain atá ann agus tá leigheas ar an gcuid is mo achu. Bíonn ana leigheas ag aoinne a dheineann dhá leath de'n eascúluachrach le na bhéal agus é chimilt le na theangain. Do leigheasfadh an duine sin gach aoinne a dóighfeadh a lámha nó achos. Bhí fear ann fadó agus dhein sé dhá leath de'n eascúluachrach le na bhéal agus nuair adóighfeadh aoinne a lámh raghadh siad chuige agus cuimiluigheadh sé an dóightean le na theanghain agus ní bhíodh aon phian eile air. Séamus Thaidhg Fhinghín Crosta, Gleann Garbh. an ainm atá air agus tá sé na bheathaidh fós.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Criostóir Ua Urdail
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Peig Bean Ní Úrdail
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    45
    Seoladh
    Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí