School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
- XML Page 223
- XML “Gabha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tímcheall dhá céad go leith blian ó thoin bhí gabha in a chómhnaidhe i gCurrach Mór. Fear ana láidir do beadh é agus aon obair cruaidh a bhíodh le déanamh ag aoinne do chuirtí fios ar an bfear sin.Lá amháin thánaig fear boct chuige a rádh leis go raibh an t-aon bó amháin a bhí aige istig i bpoll agus go raibh an talamh tímhpeall an poill ana bhog.Chuaidh an ghabha go dtí an áit in a raibh an bhó agus do rug sé ar greim ar a earbhall agus do chaith sé ar an bport í agus bhí an fear ana bhuidheach dhó.
Bhí gabha eile i bFiadhach Meadhon agus bhí sé ag obair go dian gach lá ó mhaidin go tráthnóna nmar bhí clann mór aige chun iad a chothúghad agus i ndeire na seachtmhaine ní bhíodh aon biadh aige chun thabhairt dá chlann agus bhí an sgéal sin agie ar feadh i bfadh.Sa deireadh do chuaidh sé i gcómhairle fir chiallmhair agus d'innis sé a sgéal dó. Dúbhairt an fear ciallmhar leis go raibh fhios aige féin mar gheall ar a sgéal agus dúbhairt sé gur buille déanac a tSathairnm agus buille lua an Luain fé ndear an bhochtanais.Annsan dúbhairt sé go mbíodh sé ag obair ró déanach oidhche Sathairn agus ag obair maidin Dia Luain sa'r a raibh an Domhnach thart agus nár cheart é sin agus ó thoin i leit bhí an fear ag eirighe níos saidhbhrSgéalaidhe: Sean Ó Murchadha, Teinnibh- Collector
- Sorcha Ní Cúipéir
- Gender
- Female
- Address
- Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí
- Informant
- Seán Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí