School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)

Location:
Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
Teacher:
Partolan Ó Gríbhthín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 177

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 177

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Page 177
  3. XML “Teinnibh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ceanntar san oileán seo is eadh Teinnibh. Is í mo aít dhúthchais féin. De réir na sean daoine 'sé an fáth go bhfuair sí a ainm, ná go mbíodh na sean págánaig ag tabhairt onóra do thá theine.
    Do bhíodh ceann aca i mbárr na dTeinne i lios eíginn atá ann fe'n gcnoc; do bhíodh an cheann eile ar Charraig na Teine atá geárraithe ó'n dtalamh ag Góilín Dairbhre, acht is é Carraig Tinne a tugtar air anois phé cúis é.
    Bhíodh siad ag lasadh go breágh soiléar gach Satharn Cásca. Go haírithe tháinig an Satharn seo agus do lasadh an teine cois leasa; d'fágadar annsan é agus chuadar go Carraig na Teine, cun an rud céadna do dhéanamh ann.
    Le na linn sin chuaidh fear cois teine na leasa, agus thuit sé na chodladh ann; d'fan sé ann i rith na h-oidhche. I rith na h-ama céadna bí a dhaoine á cuardach. Sa deire fuaireadar é nach mór dóighte cois teine. Rugadar abhaile é agus tar éis tamall a caitheamh mar sin gan caint gan anam fuair sé bás. Annsan dúbhairt na daoine gur leó an teine gur ceart an rud é do curtha inaice le Nór-na-Nual, chun a thasbáint do gach aoine gurab droch dhuine é.
    Níl aon fotharaig d'aon tábhacht ann acht Nór na Nual, agus tá sé i mbéalaibh na ndaoine
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí
    Collector
    Máire Ní Chonaill
    Gender
    Female
    Address
    An Comhartha Beag, Co. Chiarraí
    Informant
    Sorca Ní Chúipeir
    Gender
    Female
    Age
    76
    Occupation
    Pinsinéir
    Address
    Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí