School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Níl acht ceatharar ós cionn seachtfó blian d'aois ann agus táid ábalta ar an nGaodhluinn do labhairt agus ta furmhor de's na daoine eile ábalta ar é do labhairt leis agus níl acht foth cheann díobh ábalta ar aon scéal d'innsint as Bhéarla nú Gaedhluinn.Bhí ainm eile ag na sean daoine ar an mbaile agus tá sé aca fós agus is é sin Caol mar tá sruth caol ag rith tríd agus tagann dhá shruth eile in éinfeacht leis agus deineann siad aon sruth amháin agus deireadh na sean-daoine go raibh leigheas do aicíd éigint annsan má thágadh an duine breóidhte go dtí an áit roimh breacadh an lae agus (?) do nidh mar cheapadh na sean daoine go raibh leigheas in uisge trí Chaol.Tá dhá fothorach ann le fada. Chuaidh na daoine a bhí i gceann díobh go America agus fuair na daoine a bhí san gceann eile bás agus ní raibh aoinne fágtha acht an mháthair agus chuir an Tighearna Talmhan í sin amach as an dtigh agus annsan do leagadh é. Scríobhnóir:- Eibhlín Ní Dhonnchadha, Baile an tSeipéilSgéalaidhe:- Pádraig Ó Donnchadha
Gairm Bheatha:- Ag obair i Staisúin an Chábla- Collector
- Eibhlín Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Chapeltown, Co. Kerry
- Informant
- Padraig Ó Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 47
- Occupation
- Oibrí iarnróid
- Address
- Chapeltown, Co. Kerry