School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá líos mór ar bharr cnuic Cúil agus Lios Uí Bhrehon a thugadh na sean daoine air agus tá bóthair fé an dtalamh ag dul ón lios san go dtí lios eile atá san gCaladh.Nuair a bhí na Dannair in Éirinn bhí sagart agus a bheirt dhriothár ag rith uatha agus thánadar go dtí an oileán agus dheineadar an lios agus an bóthar fé'n dtalamh chun dul i bfolach ann.Bhí beirt shean duine in a gcómhnaidhe i gCúil an uair sin leis agus bhí a fhios aca mar gheall ar an lios agus fuair na Dannair é sin amach agus chuaidh gásradh mór díobh isteach cúca agus thánaig eagla ar an mbeirt agus d'inniseadar gach rud dos na Dannair.An oidhche sin chuaidh na Dannair go dtí an lios agus chuaidh beirt nú triúr díobh isteach ann agus d'fhan an chuid eile díobh amuigh agus nuair a thánaig an sagairt agus a bheirt dhriothar do bheireadar ortha agus mharbuigheadar iad agus taréis sin chudadar síos go dtí an beirt shean duine agus mharbhuigheadar iad san go fealltach leis.Sgealaidhe: Pádraig Ó Donnchadha, Baile an tSeipéil
Gairm bheatha: Ag obair i Staisiún an Chábla- Collector
- Eibhlín Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- An Caol, Co. Chiarraí
- Informant
- Pádraig Ó Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 47
- Occupation
- Oibrí iarnróid
- Address
- An Caol, Co. Chiarraí