Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aige á chur i n-aoinne ach ag imtheacht 'na leath-amadán ag amhráin leis féin. "Seasaimh", arsan duine uasal le h-Eoghan agus áthas air nuair a chonnaic sé an leath-amadán. Níor leog Eoghan air go gcuala sé é. Labhair sé arís go feargach agus dubhairt sé leis seasamh. Do stad Eoghan annsan agus d'fhiafruig sé dhe cad ab 'áil leis de. D'innis sé dho focal ar fhocal mar a thuit amach, agus dubhairt sé go gcaithfeadh sé féin bheith mar moltóir. Dubhairt Eoghan ná beadh sé féin mar mholtóir i n-aonchor. Dubhairt Eoghan go gcaithfeadh sé a bheith. "Déanfaidh mé mo dhícheall mar sin", arsa Eoghan, "ó taoi ag dul chómh dian san orm". Thairig sé ruaine páipéir amach as a phóca agus peann. "An mbeir-se sásta le pé moladh a dhéanfad duit," ar seisean leis an bhfeirmeoir. "Bead", arsan feirmeóir. Sríobh t'ainm ar an bpaipéir san mar sin", arsa Eoghan. Do dhein. "An mbeir-se sásta le pé moladh a dhéanfaidh do mholtóir féin", arsa Eoghan leis an duine uasal. "Bead", arsan duine uasal. "Scríobh t'ainm annsan mar sin, ar seisean. Do dhein. "Téanam ort ar leath-taobh", arsa Eoghan le moltóir an duine uasail. " Cad é an luach atá sa bheithidheach", ar seisean leis. "Sé púint", arsan fear eile. "Amás ní bheidh tú dian ar an nduine bocht. Tabharfaidh tú cáirde dho chun(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síghle Ní Drisceóil
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Siochfhradha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí