Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nduine uasal, agus ba mhaith an rud é dá mbeadh an díol agam." Ar dheinis aon réidhteach leis an duine uasal fós, " arsa Eoghan. "Níor dheineas ", arsa fear an tíghe. "B'fhéidir go bhféadfainn-se rud éigin a dhéanamh duit amáireach,"arsa Eoghan. "Téir fé dhéin an duine uasailar maidin agus abair leis ná fuil néal á chodhladh agat aon oidhche ,mar gheall ar an mbeithidheach, agus go mb'fhearr leat dá mbeadh réidhteach éigin déanta agat. Fiafróchaidh an dune uasal díot annsan cad é an saghas réidhtig ba mhaith leat a dhéanamh, agus abair leis , go bhfuileann tú sásta é d'fhágaint fé mholadh beirte. Gheobhaidh an duine uasal moltóir annsan. Dearfaidh sé leat -sa duine eile fhághailt. Abair-se ná fuil éinne agat féinig , go bhfágair fé 'n gcéad duine gheobhadh an bóthair é. Bead-sa luighte cois claidhe ag faire orraibh, agus nuair a cheapfadh go mbeidh sibh ullamh raghadh fé bhúr ndéin.Do dhein fear an tíghe fé mar a a dubhairt Eoghan leis. Chuaidh sé fé dhéin an duine uasail . Bhí sé sin an -sásta leis an margadh. Chuir sé fios ar moltóir maith. D'fhág an feirmeóir a chuid de'n scéal fé'n gcéad duine a gheobhad an bóthar. Ba ghearr gur ghaibh Eoghan chúcha an bóthar aníos. Sean -chaibín hata air, casóg giobalach, agus súgán snaidhmthe tímcheall air. Ní raih aon tsuim(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síghle Ní Drisceóil
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Siochfhradha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí