School: Achadh Tiobraid (roll number 9878)
- Location:
- Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
- Teacher: Tomás Ó Muircheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Achadh Tiobraid
- XML Page 145
- XML “Ag Déanamh Ciseán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Geibhidis céad slat sailighe no coll ar dtúis. Fágaidís na slait ag triomú thúas ar an gclabhra ós cionn na teine. Núair a bheadh na slait ríghín a ndóthain, théighidís amach ar an bpáirc. Gearraidís cearcall ar sgrath ( i bhfuirm béil an ciseán ) Cuiridís slata móra, troma i na seasamh ar an gcearcall san. Sáitheáin a tugtar ortha súd. Geibidís slata, beaga, caola annsan - slata fighidh, agus shaithidís san isteach as amach idir na slata móra fada. Leanaidis mar sin go dí go mbeadh an ciseáin nach mór déanta. D'iompaidís na cinn móra annsan agus dheinidís tóín an chiseáin. Tharraigidís an ciseán annsan ón sgrath, agus cuiridís láimh air, gad no téadán ruad a cuirtí mar láímh air. Do bheadh an ceann ghaidh, níos feárr, mar nuair a bheadh úalach ar dhrom duine ní bheadh an chiseán ag tuitim ar caol an droma.