School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 264

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 264

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 264
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)
  5. XML (no title)
  6. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Dearg thiar, iasg is toradh...

    (continued from previous page)
    cuid eile i gcoimead. La aonaigh ab eadh an lá in adiaidh sin agus cuaidh sí sa cathair agu do rug sí leí cuid de'n chiste. Nuair a srois sí an cathair suidh sí sós ar bhár paírce an aonaigh agu do tharraing sí cuící an císte a bhí istigh i bpíosadh páipéir aici ach cad a fuair sí in ionad an chíste acht gais phrátaí. Dhein sí amach gur loit na púcaí an steampí, nuair do sgairteadar amach ag gaíridhe
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Sé an fáth go dtugtar "Lá an Amadáin" ar an gcéad lá d'Aibreáin, ná;

    Sé an fáth go dtugtar " Lá an Amadáin " ar an gcéad lá d'Aibreáin ná; bhí sean-bhó an-shuarach ann, agus theip ar an Mháirt deire a chur le na shaoghal. Do lorg sé lá ar Abrán agus do fuair sé é agus do cailleadh an bhó. Thaínig an t-Abrán ansan agus do lorg sé an lá thar nais ar an Mháirt. Níor tug an Mháirt aon toradh air acht amháin go ndúbhairt sé -
    Amadán, Amadán an céad lá d'Abráin
    * * * * *
    Deirtear gur chuaidh d'Oisín an sgolb do lasadh ar bárr na teine
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. (no title)

    Deirtear gur chuaidh d'Oisín an sgolb do lasadh...

    You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
    Topics
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Language
    Irish
  4. (no title)

    Ag gábhailt tré Baile Atha dhom go dian moc ar maidin…..

    Ag gábhailt tré Baile Atha dhom go dian moc ar maidin
    Do chasadh cailín óg orm is dath an róis ar a leacain
    D'fhiosruig an cló dhíom cá gcómhnuigheann tú, a mharcaigh
    Ar an dúthaigh tá mo lóistín is ann a chómhnuighim le sealad
    * * * * *
    Innis sgéal nua dom is tú is déannaighe d'fág an baile
    No an maireann do chéile nó an raibh sí riamh agat
    D'fhágas im' dhiaidh í go tinn deacharnach sa leabaidh
    Is dochtúir ní faghainn-se de leigheasfadh a galar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.