School: Bunaneer (roll number 10242)

Location:
Bun Inbhir, Co. Chiarraí
Teacher:
Siobhán Ní Choncubhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0468, Page 313

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0468, Page 313

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bunaneer
  2. XML Page 313
  3. XML “Nithe a Chreidfeadh na Seandaoine”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seo ceann des na rudaí a creideadh na Sean Daoine.
    Go bhféadfad coilleach bás duine d'fógairt roimh ré.
    Dá nglaodhfadh an coileach tímcheall an t-aon uair déag nó tímcheall an dá uair déag istoidhche dearfaí láithreach go raibh duine éigin cun báis d'fhághail. Do creidtí leis gur sa treó go mbéadh aghaidh an choilig agus é ag glaodhach do geobhadh an duine bás.
    Am mí-nádúrtha b'eadh é do'n coileach agus rud mí-nádúrta leis - dar leis na sean daoine - glaodhach aon uair roimhe na dó déag istoidhche nó as súd go dtí a dó ar maidin agus dheiridís agus chreididís dá ríribh go mbíodh an bás ar sodar cun fear nó bean nó duine éigin a sciobadh leis as an gcómairseanacht, nó bfhéidir áit ba giorra dóibh, dá glaodhfadh an coilleach aon uair san oidhche roimhe a dó a clog. Bhídís ag faire agus ag feitheamh féachaint cé bhéarfadh scéala cucha ar duine éigin a bheadh t'réis báis. Agus nuair a chloisfeadh siad é déarfad duine aca - Á! bhí fhios agam go maith go gcloisfinn rud éigin. Bhí an coileach ag glaodhach oidhche airighthe úd - Sin é anois agat é."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Chonchubhair
    Gender
    Female
    Informant
    Siobhán Bean Uí Conchubhair
    Gender
    Female