Scéal ar Fhingín Ó Scanaill an File
Bhí Finghín pósta ach má bhí ní raibh sé féin agus a bhean ag tarraing ró-mhaith le n a chéile. Maidean Domhnaigh áirighthe bhí Finghín agus scata fear in a theannta ag seancas le chéile lasmuigh de’n séipéil roimh Aifreann. Tháinig an sagart agus thosnuigh sé ag cainnt leo. “Connus tá do chúram” ar seisean le Finghín, "agus connus tá do bhean?” ar seisean. “Is orm a rádh leat a Athair.” arsa Fingín "go bhfuil sí go h-olc.” Ó! arsan sagart “an mar sin atá an sgéal aici? Cuirfead fé guidhe an phobail í má seadh.” Bhí sé de nós san t-am úd na daoine a bhí an-bhreoidhte, no a bhí i mbaoghal bháis a chur fé guidhe an phobail comh maith le na daoine a bhí tar éis bás d’fagháil.
(leanann ar an chéad leathanach eile)