Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)

Suíomh:
An Ráithín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Peig, Bean Uí Chróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 046

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 046

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ráithín (C.)
  2. XML Leathanach 046
  3. XML “Eoghan agus an Garsún”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Eoghan agus an Garsún
    Lá amháin nuair a bhí Eoghan ag siubhal thart do féin i gceanntar an Fhaithche bhuail garsún cabaireach leis. Labhair sé le hEoghan agus d’iarr pingin air. “Agus cé hé tusa” arsa Eoghan. “Ní fheadar” arsa’n garsún “ach deirtear gur mach le h-Eoghan Ruadh me” “An ndeir tú liom?” arsa Eoghan. “Bhoil an chéad babhtha eile a chasfair liom, “Bhéarfaidh mé sgilling duit”
    Céard a dhéanfadh an garsún taréis sgartha leis ach an portach a threasnú agus bualadh leis airís ar an mbóthar. Chuir sé ceist ar Eoghan an sgilling a gealladh a thabhairt do.
    “Ní foláir no gur mhach d’Eoghan Ruadh thú mar ní chuimhneóchadh aoinne eile ar a leithéid chleas” arsa Eoghan ag tairisgínt na sgillinge dó.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0921: The King and the Peasant's Son
    Teanga
    Gaeilge