Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)

Suíomh:
An Ráithín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Peig, Bean Uí Chróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 060

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 060

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ráithín (C.)
  2. XML Leathanach 060
  3. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán

    Is dubhach dealbh deórach an pósadh go gealladh dom go mé a ceangail lé sean-donán

    Amhrán:
    Ó bhéal-aithris Rudhraí Uí Dhonnchadha, Cúimína’ bhric, Cluain Caoin, Cill-Áirne
    A aois – 75-Gairm-bheatha-Feirmeóireacht
    Is beag dhealbh deórach an pósadh do gealladh dom
    Go mé a ceangail lé sean-donán
    Nuair a cuireadh le fórsadh i dtreo tighe an t-sagairt mé
    ‘Sé mo chroidhe atá atuirseach i dtaobh é a rádh
    Ní thaitneann a shiubhal a lúth ná a sheasamh liom
    A mhala troma, clúmhach ná a súile dearga
    B’fearr liom-sa an t-óig-fhear do luigfeadh ar leabaidh liom
    Is gur b’fhú dhom ar maidin a phóigín d’fagháil
    11.
    A thoice gan eolas ba ró-mhór go mfearra dhuit
    Luigheadh ar do leabhaidh is codhlad go sámh
    Cailíní óga ag gnó is ag obair duit,
    Is do chuigeann dá cnagadh leath-uair roimh lá
    Seisreach no dhó bheith ag romhar is ag grafa dhuit,
    Coirce ‘gus eorna id’ sgiobólaibh fé glasanna,
    D’fhillín breágh nua dí móin go dtí an margadh
    Nídh nár cleachtaigh is nár dúal d’fághail
    111.
    Dá gcuirfeá i gcóiste ag siubhal bóthar fada mé
    Agus ór na gaethíbh do thabhairt im’ láimh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Rudhraí Ó Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Coimín an Bhroic, Co. Chiarraí