Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)
- Suíomh:
- An Ráithín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Peig, Bean Uí Chróinín

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 049
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ráithín (C.)
- XML Leathanach 049
- XML “Eoghan Rua agus an Sagart”
- XML “Donnchadh Ua hÉighceártaigh an File”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Eoghan Ruadh agus an SagartCuireadh Eoghan Ruadh fá dhéin an t-sagairt uair amháin agus tharla go raibh an abha fá thuilleadh ag an am agus go raibh ortha a threasnú.
Chuaidh an Sagart ar dhruim Eoghain le n-a iompar treasna agus nuair a bhíodar araon istigh i lár na h-abhainn thosnuigh Eoghan ag cumadh ceathramhan ná raibh ró-chóir dar leis an sagart, “Ó” ar seisean le h-Eoghan ”tá an diabhal thiar ort.” “Má tá” arsa Eoghan “ní fada a bheidh” agus leig a ualach siar isteach san abhainn - Donnchadh Ua h-Éighcéartaigh an FileBhí file i nGleann Fleisge fadó darbh' ainm Donnchadh Ua h-Éighcéartaigh agus bhí sé pósta fá chúig. D’iarr duine de sna comharsanaibh de lá
“Ciacu desna mnáibh is mó a bhfuil gráin agat uirthi?”
“An té do mhair” ar seisean.
Bhí beirt dhriothár ag Donnchadh agus filí a beadh an triúr. Ainm an duine a bhfuaras an sgeal uaidh:- Seán Ó Conaill
Béarna, Gleann Fleisge, Cill Áirne
A aois:–76 Feirmeóir