Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)

Suíomh:
An Ráithín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Peig, Bean Uí Chróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 050

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 050

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ráithín (C.)
  2. XML Leathanach 050
  3. XML “Seachain an Cúinne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seachain an Cúinne

    Tá teach tábhairne ar a dtugtar “Seachain an Cúinne” suidhte ar Chrois bóthair leath-slighe idir Baile-Mhúirne agus Mágh Cromtha. Ag seo im’ dhiaidh an fáth gur tugadh an t-ainm sin air.
    Bhí feirmeóir ‘na chomhnuidhe gairid do’n áit agus ní ró-mhaith a réidhtigheadh sé féin agus a bhean le chéile. Thagadh tachta de chineál éigint ar an mnaoi agus bhíodh sí gan tapa na brígh go cionn tréimhse. Lean an tacht ar feadh cúpla lá uair amháin, agus mheasadar go raibh an t-anam imthighthe aisti. Deineadh faire ar feadh oidhche agus ní miste a rádh nach brónach ach geal-gháireach a bhí an fear. D’imthigh an t-socraid cun na roilige lá’r na bhárach agus ag teach ósta an chúinne buaileadh an cófra i gcoinnibh falla an tighe. D’imthigh an tacht de’n mhnaoi agus thosnuigh sí ag liúrigh ‘s ag screadaigh.
    Chásadar agus bhaineadar amach an baile ath-uair agus b’ag an bhfear a bhí an croidhe briste.
    Mhair an bhean seacht mbliain ‘na dhiaidh sin agus annsan cailleadh í. Nuair a bhí an socraid ag gabháil thar an teach cúinneach scread an fear agus dubhairt le na lucht beirthe an chófra “Seachain an cúinne!” Tá an t-ainm sin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Finghín Mac Cárthaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    95
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Chlaoideach Rua, Co. Chiarraí