Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)
- Suíomh:
- An Ráithín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Peig, Bean Uí Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ráithín (C.)
- XML Leathanach 051
- XML “Seachain an Cúinne”
- XML “Cearbhall Ó Dálaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an dtig ó shoin i leith. Ainm an duine a bhfuaras an sgeal uaidh:- Finghín Mac Cárthaigh
Claedeach, Gleann Fleisge, Cill Áirne
A aois:–95bl. A Ghairm-bheatha - Feirmeóireacht - 1.
Cearúl Ó Dálaigh
Bhí Cearúl Ó Dálaigh ag pósadh uair amháin annso i nGleann Fleisge agus má bhí ní raibh fhios ag aoinne san gcuideachtain go raibh sé ann mar ní fuair sé aon chuireadh ann agsu is i dteannta 'na mbacach a bhí sé. Fear an-ghrádhna ar fad do b’eadh é agus ní bhíodh mar éadaigh riamh air ach balcaisí strachaighthe. Ach bhí ball searc aige agus do leanfadh na mná go léir é nuair a chífidís é sin.
Bhí san go maith. Bhí Cearúl isteach is amach idteannta na mbacach eile agus bhéarsái áiféiseacha ar siubhal aige. Do leig sé air bheith ‘na a amadán.
Sa deire do ghlaoidh an brídeógach ar dhuine éigin agus d’fhiafruigh sí dhe “Cé’rbh é an bacach mór grána san? “ D’airigh Cearúl é agus d’fhreagair sé mar seo é:-
“Ní bhfearrde dhuit bheith chomh breágh is éa’n tú chun mná do mhealladh
Ná bheith grána mar atáim-se agus lúth im' cois”(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Conaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Bhearna, Co. Chiarraí