Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)
- Suíomh:
- An Ráithín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Peig, Bean Uí Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ráithín (C.)
- XML Leathanach 054
- XML “Amhrán”
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán (ar lean)
“Cois abhainn i gClaedheach do cáiteas tréimhse i dtosach mo shaoghail”
(ar lean ón leathanach roimhe)báillí chuige. Ach turas in aisge dóibh a b’eadh é mar tugadh sanar do Dhonnchadh go rabhadar ar a thóir, agus bhí gach aon nídh curtha as an slighe aige rómpa. B’éigean dó dul go Meiriceá agus cailleadh ann é cúpla bliadhan ó shoin.Amhrán
“Mo grádh is mo laogh thú is De Bheatha chugamh”
Amhrán ó bhéal-aithris Bhrighde Ní Loingsigh, Gort a’Chairn, Lios-na-gCeann, Cill-Áirne1.
An bhean:
Mo ghrádh is mo laogh thú is De bheatha chugham,
Mo ghrádh do bhéal is t-éadan leathan-geal,
Mo ghrádh t’intinn nár smaoin riamh m’atharach,
Mo ghrádh go deo thú sé mo bhrón bheith sgartha leat11.
An Fear:
Go deimhin a rúin níor thugas masla dhuit,
Níor rughas liúm tú gan cead ód’ bhanaltrain
Níor shín t’fhear pósta fós ar leabaidh leat,
Is ní túisge a sínfidh nó mar shinfeadh-sa eadraibh.111.
An bhean:
Nach olc an grádh é taréis mórán ceana dúinn
A’ cur m’fhir pósta go deo is n-earraid liom,
Ag troid is ag coisgear is ag siorriú ag acrann
Is gan tusa beo agam chun mo bhrón duit aithris.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brighd Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort an Chárthainn, Co. Chiarraí