Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)

Suíomh:
An Ráithín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Peig, Bean Uí Chróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 076

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 076

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ráithín (C.)
  2. XML Leathanach 076
  3. XML “Brighide agus na Buachaillí Bána”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Brighide agus na Buachaillí Bána
    Fadó riamh bhí beirt bhan ag taisdeal na tíre ag lorg déirce. Bhí an tír seo ag brúchtghail le beitheamhnaigh, nó an ainm is gnáthaighe a bhí ortha ná na Buachaillí Bána. Ní leo san a bhaineann an sceal acht leis an mbeirt mban. Bean óg achfuingeach a bheadh Bríghid acht ní mar sin a bhí an bhean eile – Máire bhocht chríonna. Ní mór a bhóthair a chuirfeadh sí dhí nuair a dtraochtfaí í. Thánadar go tigh ar thaobh an bhóthair agus bhí mar intinn dóibh araon dul isteach ann ach ba mhór le Brighide an bheirt acu bheith mar chúram ar mhuinntir an tighe agus dubhairt leis an t-sean-mhnaoi eile dul isteach gan mhoill agus mbeadh uirthi féin fuireach ann ar feadh na h-oidhche.
    Nuair a chuaidh sí isteach fe bhuaich an tighe do bheannuigh sí dóibh go léir go bhéasach le “Dia is Muire “agus do bheannuigh fear an tighe dí le “Dia is Muire is Phádruig,” agus dubhairt sé léi suidhe síos cun na teine agus go raibh fáilte roimpi.
    Bhí an dinnéar ullamh agus do fuair sí cuireadh cun an bhúird. Ag ithe dhí níorbh faillighe léithe cuimhneamh ar a páistidhe Brighide agus leis sin do thóg sí cuid de’n biadh de’n mbórd agus chuir sí isteach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Liam Ua Loinghsigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Gleann Fleisce, Co. Chiarraí