Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)
- Suíomh:
- An Ráithín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Peig, Bean Uí Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí sin go maith. Thosnuigh an sagart ar an Aifreann do rádh, agus ag léigheamh amach na daoine a bhí ag cur fé guídhe an phobail. Nuair a ghlaoidh sé amach bean Fhingín Uí Scanaill do thug sé fé ndeara an rí-rá á dhéanamh idir na mnaibh ag bun an tséipéil agus cé a bhí ann ach bean Finghín. Bhí gach aoinne a bhí ann ag gáiridhe fé’n sagart.
T’réis an Aifrinn do bhuail an sagart le Finghín airís. “Cad é sin a dubhrais liom?” ar seisean. “Do mheasas go raibh do bhean go h-olc.”
“Agus tá sí leis" arsa Fingín leis “agus a athair bhí sí go h-olc ó’n lá a rugadh í.”Fuaisreas an scéal so ó:
Diarmuid O Loingsigh
Gleann Fleisge
Cill Áirne
A h-aois - 72 bl.
Slighe-bheatha – Feirmeoireacht- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Loinghsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gleann Fleisce, Co. Chiarraí