Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)
- Suíomh:
- An Ráithín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Peig, Bean Uí Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 11.
Cearúil Ua Dálaigh (airís)
Chuaidh Cearúil Ua Dálaigh, sagart agus bacach a’mhála isteach i dtig tábhairne lá agus d’óladar deoc le fear a’tighe. Bhí deich sgillinge le ndíol acu tar éis an óil agus d’eirigh aighneas eatortha feachaint cé acu ba mhó a ndíolfadh as. Tar éis dóibh bheith ag cainnt is ag cnáimhseáil, is ag cadaráil níor fhéadfaidís an cheist do réidhteach. Bhí aithne acu ar Cearúl agus bhí fhios acu go raibh féith na filidheachta air agus dubharadar go gcaithfeadh Cearúl an cheist do réidhteach.
Seo é an socrú a dhein Cearúl:-
“Coroin le díol ag fhear mhór an bhrannda, trí sgillinge ag fear na h-eaglaise sainnte; dá sgilling ar fear an mhála agus an cuid eile ar Cearúl Ua Dálaigh.”- Faisnéiseoir
- Seán Ó Conaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Bhearna, Co. Chiarraí
- 111.
Timcheall fice blian ó shoin do bhí fear agus a bhean in a gcomhnuidhe i bPort-Láirge agus lá amháin bhí cearc acu i gcóir an dinnéir agus bhí argóint mór eatortha feachaint cé acu dhíobh a bhfaghadh an chuid is mó í. Le na linn sin cé thagfadh isteach an doras acht Cearúl(leanann ar an chéad leathanach eile)