Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)
- Suíomh:
- An Ráithín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Peig, Bean Uí Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ráithín (C.)
- XML Leathanach 038
- XML “Cailín Deas Crúite na mBó agus an Sagart”
- XML “Dónall Ó Conaill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Acht ó chaitheas an cloc leis tá a comhacht imighthe agus tá súil agam go sroisfeadh an tighe an fhir-breoithdhe in am.”
Comáin sé leis comh tapaidh agus do b’fhéidir leis agus b’é toil Dé é go raibh an t-anam ann roimis. Chuir sé an ola agus annsan fuair an duine bocht bás. Cuir an sagart mallacht ar “An Cailín Deas Crúidthe na mbó” gach lá ó shoin amach.
Ainm an duine a bhfuaras an sgeal uaidh:-
Domhnall Ua Loinghsigh
A Seoladh:- Cléadach, Cluain Caoin, Cill-Áirne
A aois – 80. A Ghairm-Bheatha – Feirmeóireacht. - Domhnaill Ó ConaillBhí Domhnall Ó Conaill ag féasta thall i Sasana uair amháin. Cuireadh nimh sa deoch do chun a mharbhú. B’ádhmharaidhe an domhan bhí cailin Éireannach ag freastal ar an mbord an lá san agus fuair sí amach cad a bhí ar siubhal acu. Bhí sí i bponnc agus ní fheadar sí cad a dheánfadh sí ach sa deireadh cheap sá ar phlean. Do labhair sí leis as Gaodhluinn. Agus seo an chainnt a thárla eadtora:-
“A Domhnaill Uí Conaill a’duigeann tú Gaodhluinn?”
Cad na thaobh na tuigfuinn agus mé a bheith ó Éirinn.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peig Ní Mhurcadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 86
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cnoicín na nGamhan, Co. Chiarraí