Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)
- Suíomh:
- An Ráithín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Peig, Bean Uí Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ráithín (C.)
- XML Leathanach 033
- XML “Insín na Glotharnaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Insín na Glutharnaighe
Chuaidh Fingín Ó Donnchadha an Ghleanna agus a shaighdiúirí go Baile Mhúirne uair amháin ag glachadh creiche. Shroiseadar Baile Mhúirne in am mhairbh na h-oidhche agus thosnuigheadar láithreach ar gach capall agus gach beithidheach a sholáthair chucha. Pé in Éirinn é dhúisigh muintear na h-áite agus chuireadar in a gcoinnibh. Bhí Finghín agus a chuid fear ró láidir dóibh, rugadar an chreach leo agus siar leo i dtreo an Ghleanna airís.
Chuir muinntear Bhaile Mhúirne a gcomhairle i dteannta chéile annsan feachaint cad a bfearra dhóibh a dhéanamh agus indeire na dála shocruigheadar go raghaidís ar lorg foirthine ar Naomh Gobnatan mar bhí an-iongantaisí á dhéanamh aici leis na beacha beannuighthe an uair úd. Pagánach do b’eadh an taoiseach a bhí ortha agus níor mhaith leis dul chúiche ac b’éigean do. Gheall Naomh Gobnait go dtabharfadh sí a gcuid stuic ar ais chúcha ar choingheall go n-iompóchadh an taoiseach ‘n Catoiliceach. D’iompuigh sé. Siar in ndiaidh luchta na Creiche le Naomh Gobnait an beacair na láimh aici agus í cosnoctuighthe. Tháinig sí suas leo ar teorainn an dhá chonndae agus do chraith sí an bheacair san aer agus tháinig na beacha amach. Dhein saighdiúirí dhíobh. Bhí an-bhruighean idir an dhá dream annsan agus sa deire cuireadh an ruaig ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó hEáluighthe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gleann Fleisce, Co. Chiarraí