Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí

Suíomh:
An Tóin Riabhach Íochtarach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0444, Leathanach 305

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0444, Leathanach 305

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
  2. XML Leathanach 305
  3. XML “An Dúthaigh thart timpeall na Scoile”
  4. XML “Ciarraí Luachra”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    'S í an abha mhór is giorra dhúinn ar an dtaobh thoir theas ná Abha na Mainge - agus an baile mór is giorra dhúinn ar an dtaobh thoir ná Oilean Ciarraidhe - cé nách ngabhann an baile ná an abha leis an bparóiste seo.
    Dúthaigh iseadh í seo go bhfuil a lán Protastúnach agus Planndathóirí gallda ann, agus sloinnte Gaedheal 's Gall lé clos ar fúid an pharóiste. Ní h-amháin Gaill a tháinigh ó Shasana, acht anall ó'n nGearmáin a thánadar chun chur futha - le cead an Riaghaltais Ghallda - sa duthaigh saidhbhir seo.
    Tá Poffs, agus Jones ann, Hasset, Hoffman agus Falcon, Pollards, Chutes, Mansfields, Lendons, Talbots, Neills, Wests, Milwards (a d'iompuigh 'na gCaitilicigh) Petes, agus Martins. Ní ghádh dom a rádh go bhfuil an chuid ba shaidhbhre de'n talamh aca.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Is i gCiarraí Luachra tá an paróiste seo suidhte ba mhó agus b'fhairsinge, achar na dúthaighe seo in-allód ná mar a mheastar fá láthair.
    Deirtear gubh'í abha na Mainge teóra deiscirt na dúthaighe seo, agus gurbh'í an áit Ciarraí Luachra ná an dúthaigh leathan-gharbh, fhiadhain a ghabhann ó thuaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge